Is é a mheasaim a rá, a bhráithre: fad a bhíonn an t-oidhre mionaoiseach, ní bhíonn difríocht ar bith idir é agus an daor, siúd is gur leis an t-eastát ar fad,
Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, a bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd dʼfhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?
agus bíodh gur mhór an chros oraibh an bhreoiteacht chéanna níor ghlac sibh col ná déistin liom ach fáiltiú romham mar a dʼfháilteodh sibh roimh aingeal ó Dhia nó roimh Íosa Críost féin.
Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúram mór díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibh-se cúram mór díobh féin.
Tá fáthchiall leis an méid sin: seasann an bheirt bhan sin don dá chonradh. Bean amháin acu, is é sin le rá, Hágár, a rug a leanbh i ndaoirse, seasann sí sin don chonradh a tugadh ar Shliabh Shíonáí–
mar tá scríofa: “Bíodh gliondar ort, a bhean aimrid nár shaolaigh clann! Ardaigh do liú a bhean nach raibh riamh ar luí seoil. Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe na clann na mná a bhfuil fear aici.”
Ach faoi mar a tharla an uair úd go mbíodh an mac a rugadh go nádúrtha ag géar-leanúint an mhic a rugadh faoi luí an Spioraid, is é an dála céanna inniu é.
Ach cad é seo a deir an scrioptúr: “Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.”