Mar nuair a bhíonn tú taobh istigh den Chríost, de Íosa, níl aon éifeacht sa timpeallghearradh ná sa neamh-thimpeall-ghearradh, ach sa chreideamh a oibríonn tríd an ngrá.
Tá muinín as an Tiama agam nach mbeidh sibh ar athrach intinne liom; agus an té atá do bhur mbuaireamh caithfidh sé teacht leis an mbreith a thabharfar air, cibé é féin.
Ach a bhráithre, más ní é go mbímse go fóill ag fógairt an timpeallghearrtha, cad chuige a gcuirtear géarleanúint orm go fóill? Más amhlaidh atá, atá deireadh le ceap tuisle na Croise.
Mar bíonn ainmhianta na colainne ag cur in éadan an Spioraid, agus mianta an Spioraid ag cur in éadan na colainne, mar tagann siad seo crosach ar a chéile, le bac a chur oraibh ó dhéanamh mar is mian libh.
an formad, an t-ólachán, an phótaireacht, agus a leithéidí eile. Tugaim daoibh an rabhadh úd a thug mé daoibh roimhe, nach mbeidh lucht cleachta na ngníomhartha sin ina n-oidhrí choíche ar ríocht Dé.