nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.
Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d' ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.
Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth sibhse na gintlithe ó dhúchas a raibh «lucht an fhorchraicinn» mar ainm oraibh ag an dream a thugadh «lucht an timpeallghearrtha» orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn.
Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin.
agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha d' fhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu,