Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe a bheith ina n-aspail, do dhaoine eile a bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile a bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós a bheith ina n-aoirí agus ina múinteoirí,
go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar comhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide.
Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg daoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.
Mar is é a bheir don chorp a bheith fite fuaite ina chéile le cabhair gach nasc dá bhfuil ag fónamh dó, agus, de réir mar a bhíonn gach ball ag gníomhú mar is cuí, fásann an corp iomlán agus téann i méid sa ghrá.
An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá lámh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngann-chuid.
Ná tagadh a oiread agus droch-fhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.