Bíodh a fhios agat inniu féin, gur tusa, agus nach iad bhur gclann, a fuair an teagasc; ní eol dóibh ná ní fhaca siad ceachtanna an Tiarna bhur nDia, a mhórgacht, ná neart a láimhe, ná a ghéag ar tinneall;
a ndearna sé le sluaite na hÉigipte, lena n-eacha, agus lena gcarbaid; conas mar a scaoil sé tuilte Mhuir na nGiolcach anuas orthu nuair a bhí siad sa tóir oraibh, agus mar a scrios sé iad gan a rian a fhágáil go dtí an lá seo féin;
a ndearna sé le Dátán agus le hAibíorám, clann Eilíáb an Reúbaenach conas mar a d' oscail an talamh a chraos, ansiúd a gcroílár Iosrael go léir, agus a shlog sé iad féin agus a dteaghlaigh, a mbothanna agus gach ní beo a bhí ina seilbh.
«Ní foláir daoibh, dá bhrí sin, na haitheanta go léir a d' ordaigh mé daoibh inniu a choimeád, d' fhonn go mbeadh sé ar bhur gcumas dul isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír ar a bhfuil bhur dtriall anonn agus bhur gcuid féin a dhéanamh de,
agus saol fada a bheith agaibh sa tír a mhionnaigh an Tiarna do bhur n-aithreacha a thabharfadh sé dóibhsean agus dá sliocht, tír ina mbeadh bainne agus mil ina slaoda.
An fearann a bhfuil tú le dul isteach ann lena shealbhú, ní ionann é agus tír na hÉigipte óna dtáinig sibh, mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna.
Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán:
' Tabharfaidh mé fearthainn daoibh do bhur dtalamh go tráthúil, fearthainn luath agus fearthainn dhéanach, i dtreo go mbeidh fómhar arbhair, fíona, agus ola agat;
nó lasfaidh fearg an Tiarna in bhur n-aghaidh, dúnfaidh sé na flaithis agus ní bheidh aon fhearthainn ann; ní thabharfaidh an talamh a thoradh agus díothófar sibh gan mhoill sa tír thorthúil atá á thabhairt ag an Tiarna daoibh.
«Taiscigí dá bhrí sin na focail seo liom in bhur gcroí agus in bhur n-anam; greamaigí iad mar chomhartha ar bhur láimh, agus mar lann ar chlár bhur n-éadain.
i dtreo go mbeadh fad saoil agaibh féin is ag bhur gclann sa tír a mhionnaigh sé do bhur n-aithreacha a thabharfadh sé dóibh fad tá speir os cionn talún.
Óir má dhéanann sibh na haitheanta go léir a ordaímse daoibh inniu a choimeád le barr cúraim, agus grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia, siúl ina bhealaí, agus cloí leis,
Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar.
Ní fhéadfaidh duine ar bith seasamh in bhur n-aghaidh; scaipfidh an Tiarna, bhur nDia, scéin agus eagla romhaibh ar an dúiche go léir ar a leagfaidh sibh cos, faoi mar a gheall sé daoibh.
an mhallacht, mura ngéilleann sibh d' aitheanta an Tiarna bhur nDia ach claonadh ón mbealach a d' aithin mé daoibh inniu, le dul sa tóir ar dhéithe eile nárbh eol daoibh cheana.
Nuair a thabharfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a ghabháil air, cuirfidh tú an bheannacht ar Shliabh Gheirizím agus an mhallacht ar Shliabh Éabál.
Nach bhfuil [na sléibhte] seo ar an taobh eile den Iordáin, ar an mbealach siar i dtreo dhul faoi na gréine, i dtír na gCanánach, a chónaíonn san Arabá, os comhair Ghilgeál, láimh le Dair Mhóire.
Tá sibh chun dul thar an Iordáin le dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh; gheobhaidh sibh seilbh air agus déanfaidh sibh cónaí ann,