Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh.
Mar an gcéanna leis an muc fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach.
«Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar.
agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d' arbhair, do fhíona, d' ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d' fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor.
Má bhíonn an t-aistear rófhada duit, agus mura féidir duit nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile,
caith an t-airgead ar do rogha rud ansiúd daimh, nó caoirigh, nó fíon nó deoch chrua, nó cibé ní is mian leat; ith ansiúd i láthair an Tiarna do Dhia, agus bíodh lúcháir ort féin agus ar do theaghlach.
Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.