Seo é an sórt fuascailte atá le déanamh: gach creidiúnaí a mbíonn comharsa leis faoi bhannaí aige, scaoileadh sé saor é; ní féidir dó íocaíocht a éileamh ar a chomharsa ná ar a bhráthair nuair a ghoirtear ar fhuascailt an Tiarna.
ach ar an gcoinníoll seo amháin, go dtabharfaidh tú aird ar ghlór an Tiarna do Dhia agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta uile a aithním duit inniu le barr cáiréise.
Má bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú mar a gheall sé, tabharfaidh tú iasacht dá lán ciníocha, ach iasacht ní thógfaidh tú féin; beidh tú i gceannas ar a lán ciníocha, ach cine ní bheidh i gceannas ort féin.
Má tá bochtán láimh leat, duine de do bhráithre in aon bhaile de do chuid sa tír atá an Tiarna á thabhairt duit, ná cruaigh do chroí agus ná dún do dhorn in aghaidh an bhochtáin bhráthar sin agat.
Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ' Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,' agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d' aghaidh, agus gur pheaca duit é.
Tabhair rud dó, agus nuair a dhéanann tú tabhair dó le barr croí mhóir, agus cuirfidh an Tiarna a bheannacht ort dá chionn sin i ngach gnó agus i ngach cúram a ghabhann tú idir lámha.
Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.
Ná meas go bhfuil sé dian ort go gcaitheann tú é a scaoileadh saor; is fiú a dhá oiread le fostúch é agus tá seirbhís sé bliana déanta aige duit. Déanfaidh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort ansin i saothar uile do lámh.
«Gach céadghin fhireann de do tháin agus do do thréad, déan é a choisreacan don Tiarna do Dhia; ná leag aon obair ar chéadghin do thána, agus ná bearr céadghin do thréada.