«Nuair a rachaidh tú chun cogaidh in aghaidh do naimhde agus go bhfeicfidh tú capaill agus carbaid agus arm is mó ná d' arm féin, ná bíodh eagla ort rompu; óir tá an Tiarna do Dhia i do theannta, an té a thug amach thú as tír na hÉigipte.
agus abradh sé leo: 'Tugaigí cluas dom a Iosrael! Óir tá sibh ar tí cath a chur ar bhur naimhde inniu; bíodh misneach agaibh; ná bíodh scéin ná sceimhle ná scanradh oraibh ag tabhairt fúthu.
«Ansin labhraíodh na scríobhaithe leis an bpobal mar leanas: 'An bhfuil aon duine anseo a bhfuil teach nua tógtha aige ach gan é tíolactha fós? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a dhéanfadh é a thíolacadh.
An bhfuil aon duine anseo a bhfuil fíonghort plandáilte aige, ach gan sásamh bainte fós aige as a thoradh? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhainfeadh sásamh as a thoradh.
An bhfuil aon duine anseo geallta le bean ach gan í tugtha leis aige? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhéarfadh leis í.'
Leanadh na scríobhaithe orthu ag caint leis an bpobal agus abraidís: 'An bhfuil easpa misnigh nó beaguchtach ar aon duine anseo? Abhaile leis agus ná cuireadh sé droch-mhisneach ar a chompánaigh chomh maith.'
Ach na mná, na leanaí, an stoc, a bhfuil de mhaoin sa chathair, agus a héadáil go léir, beir leat mar chreach iad; bain sásamh as éadáil do naimhde a thug an Tiarna do Dhia duit.
d' fhonn nach múinfidís daoibh na nósanna gráiniúla atá acu á gcleachtadh i seirbhís a ndéithe a leanúint agus peaca a dhéanamh mar sin in aghaidh an Tiarna bhur nDia.
«Nuair a bhíonn cathair faoi léigear agat ar feadh i bhfad, agus tú á hionsaí, d' fhonn í a ghabháil, ná loit a cuid crann ag imirt faobhar tua orthu; caith a dtoradh, ach ná leag iad. An daoine daonna na crainn sa mhachaire a rá is go gcuirfeá léigear orthusan leis?
Na crainn is eol duit nach crainn toraidh iad, ní cás duit iad a ghearradh agus a leagan d' fhonn sásanna léigir a dhéanamh in aghaidh na cathrach a bhíonn i gcogadh leat go dtí go dtiteann sí.