«Má fheiceann tú damh nó caora le do dheartháir ag dul ar seachrán, ná bí seachantach ina dtaobh; ní foláir duit iad a bhreith leat ar ais chun do dhearthár.
Déan mar an gcéanna lena asal, agus lena bhrat, agus le haon ní a chailleann do dheartháir agus go bhfaigheann tú é: ná bíodh aon seachaint sa ghnó seo.
Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia an mhuintir a dhéanann na nithe sin.
Má tharlaíonn tú i do shiúlta ar nead éin i gcrann nó sa talamh agus gearrcaigh nó uibheacha ann, agus an mháthair ina luí ar na huibheacha nó ar na gearrcaigh, ná tóg an mháthair leis na gearrcaigh;
agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: 'Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.'
Tá mí-iompar á chur ina leith aige anois á rá: «Ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais ar d' iníon.» Ach seo iad comharthaí maighdeanais m' iníne.' Agus leathfaidh siad an t-éadach os comhair sheanóirí na cathrach.
agus gearraidís fíneáil céad seicil airgid air agus tugaidís iad d' athair na mná óige óir tá drochcháil tugtha aige ar mhaighdean in Iosrael, agus fanadh sí mar bhean aige agus ní bheidh cead aige í a chur uaidh lena shaol.
ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t-olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.
«Má fhaightear fear ag luí le bean duine eile, cuirtear iad araon chun báis an fear a luigh leis an mbean, agus an bhean féin. Ní foláir duit an t-olc seo a dhíbirt ó Iosrael an tslí sin.
beirigí iad araon libh amach go geata na cathrach sin agus cuirigí chun báis de chlocha iad an bhean óg mar nár liúigh sí ag lorg cabhrach agus í sa chathair, agus an fear mar gur thruailligh sé bean a chomharsan. Ní foláir duit an t-olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.
Ach más faoin tuath a bhuaileann fear le bean óg atá geallta agus go ndéanann sé éigean uirthi agus luí léi, ansin ná cuirtear chun báis ach an fear a luigh léi.
Ná déan aon ní leis an mbean óg óir ní dhearna an bhean óg aon choir a thuillfeadh bás, mar is cuma an cás seo nó fear a ionsaí agus a mharú a chomharsan.
ansin tugadh an fear a luigh léi leathchéad seicil airgid d' athair na mná óige agus bíodh sí mar bhean aige mar gur thruailligh sé í agus ní féidir dó í a chur uaidh lena shaol.