×

Bíobla Naofa 1981

Deotranaimí 27

1
Thug Maois agus seanóirí Iosrael ordú don phobal: «Coimeádaigí na haitheanta uile a ordaím duit inniu.
2
An uair a théann sibh thar Iordáin isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, cuir líoga móra ina seasamh agus cuir brat aoil orthu;
3
agus scríobh orthu focail uile an dlí seo a luaithe a rachaidh tú sall ar do shlí isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda faoi mar a gheall an Tiarna, Dia d' aithreacha, duit.
4
Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin, ní foláir daoibh na líoga seo a chur suas ar Shliabh Éabál mar a ordaím daoibh inniu, agus brat aoil a chur orthu.
5
Déan altóir san áit sin don Tiarna do Dhia de chlocha nár luigh aon uirlis iarainn orthu.
6
Tóg an altóir don Tiarna do Dhia as clocha gan cóiriú, agus ofráil íobairtí uileloiscthe uirthi don Tiarna do Dhia.
7
Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia.
8
Scríobh briathra uile an dlí seo ar na clocha go soiléir sofheicthe.»
9
Ansin dúirt Maois agus na sagairt Léivíteacha le hIosrael go léir: «Tabhair cluas, a Iosrael, agus éist. Inniu rinneadh pobal don Tiarna do Dhia díot.
10
Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.»
11
Agus thug Maois ordú don phobal an lá céanna á rá:
12
«Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin.
13
Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí.
14
Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh:
15
' Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite rud is gráin leis an Tiarna obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
16
' Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
17
' Go raibh mallacht ar an té a chorraíonn marc teorann a chomharsan.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
18
' Go raibh mallacht ar an té a chuireann an dall ar seachrán slí.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
19
' Go raibh mallacht ar an té a dhéanann cantáil ar chearta an deoraí, an dílleachta, agus na baintrí.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
20
' Go raibh mallacht ar an té a luíonn le bean a athar, agus a bhaineann beann bhrat a athar anuas di.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
21
' Mallacht ar an té a luíonn le haon sórt ainmhí.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
22
' Mallacht ar an té a luíonn lena dheirfiúr, iníon a athar nó iníon a mháthar.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
23
' Mallacht ar an té a luíonn le máthair a chéile.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
24
' Mallacht ar an té a bhuaileann a chomharsa faoi choim.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
25
' Mallacht ar an té a thógann breab chun neamhchiontach a bhású.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
26
' Mallacht ar an té nach ndaingníonn briathra an dlí trína gcomhlíonadh.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.'
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí