«Má ghéilleann tú go dílis do ghlór an Tiarna agus na haitheanta go léir dá chuid atá á n-ordú agam duit inniu a chomhlíonadh le barr cáiréise, cuirfidh an Tiarna do Dhia thú go hard os cionn náisiúin uile na cruinne.
Brisfidh an Tiarna i do láthair ar na naimhde a éiríonn i d' aghaidh; tiocfaidh siad ar feadh an aon bhóthair i d' aghaidh; ach gabhfaidh siad seacht mbóthar ar teitheadh uait.
Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.
«Buanóidh an Tiarna thú i do phobal coisricthe dó féin, faoi mar a mhionnaigh sé duit, má choimeádann tú aitheanta an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí.
Cuirfidh an Tiarna conách mór ort, i dtoradh do choirp, sa bhreis ar do bhólacht, agus i dtoradh d' ithreach sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d' aithreacha a thabharfadh sé duit.
Osclóidh an Tiarna a chiste breá, na speartha, duit, le fearthainn a thabhairt duit i dtráth do do thalamh, agus beannacht a chur ar shaothar uile do lámh. Cuirfidh tú mórán ciníocha faoi smacht, ach ní bheidh tú féin faoi smacht ag cine.
Ní eireaball a dhéanfaidh an Tiarna díot, ach ceann; ní in íochtar a bheidh tú choíche, ach in uachtar, má ghéilleann tú d' aitheanta an Tiarna do Dhia, a ordaím duit inniu, á gcoimeád le barr cúraim,
«Ach mura ngéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia, agus gan a reachtanna ná a aitheanta go léir a ordaím duit inniu a chomhlíonadh, tiocfaidh na mallachtaí uile seo leanas suas leat agus béarfaidh siad ort.
Cuirfidh an Tiarna mallachtaí agus buaireamh agus eascaine ar gach ní a thógfaidh tú idir lámha, go dtí go millfear thú agus go scriosfar thú gan mhoill de bharr éagóir do bheart do mo thréigean.
Pleancfaidh an Tiarna thú leis an eitinn, leis an bhfiabhras, le séideadh, le teas, le híota, le dubh, le snas liath, agus beidh siadsan sa tóir ort go híde.
«Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n-aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain.
agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t-ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.
Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar d' asal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort.
Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas.
«Seolfaidh an Tiarna thú féin agus an rí a chuirfidh tú os do chionn go cine nárbh eol duit féin ná do d' aithreacha; déanfaidh tú fónamh ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche.
Tiocfaidh na mallachtaí sin go léir anuas ort, leanfaidh siad thú, agus béarfaidh siad ort go dtí go scriosfar thú mar nár ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus na haitheanta agus na reachtanna a d' ordaigh sé duit a chomhlíonadh.
ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú.
Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d' airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.
Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.
Le linn an léigir, agus san anró a chuirfidh do naimhde ort, íosfaidh tú toradh do cholainne féin, feoil na mac agus na n-iníonacha a bhronn an Tiarna do Dhia ort.
diúltóidh sé aon chuid d' fheoil a leanaí a bheidh á hithe aige a thabhairt dóibh, óir le linn an léigir agus san anró ina gcuirfidh do naimhde thú i do bhailte go léir ní bheidh aon ní fágtha aige.
An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon;
ceilfidh sí orthu slánú a broinne idir a cosa agus an mac a bhéarfaidh sí, ach is d' fhonn iad a ithe; óir beidh ganntanas uafásach ann le linn an léigir agus san anró a chuirfidh do naimhde ort i do bhailte go léir.
«Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d' fhonn go mba eagal leat an t-ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,
Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú.
Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir.
Ní bheidh suaimhneas i ndán duit i measc na gciníocha seo ná aon sos do bhonn do choise; fágfaidh an Tiarna suaitheadh ar do chroí, tuirse ar do shúile, agus gearranálaí ort.
Déarfaidh tú ar maidin: 'Uch, nach é an tráthnóna é!' agus tráthnóna: 'Uch, nach bhfuil sé ina mhaidin!' de bharr an scanradh a bheidh ar do chroí agus na radhairc a fheicfidh tú le do shúile cinn.
Tabharfaidh an Tiarna ar ais don Éigipt i longa thú, aistear a gheall mé duit nach ndéanfá go deo arís. Beidh fonn oraibh ansiúd sibh féin a reic le bhur naimhde mar dhaoir agus mar dhaoirseacha, ach ní cheannóidh aon duine sibh.»