Sin iad briathra an chonartha a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois a dhéanamh le clann Iosrael i dtír Mhóáb i dteannta an chonartha a rinne sé leo ag Horaeb.
Tá sibh uile in bhur seasamh anseo inniu i láthair an Tiarna bhur nDia taoisigh bhur dtreibheanna, bhur seanóirí, bhur scríobhaithe, fir Iosrael go léir,
le pobal leis féin a dhéanamh díot inniu, agus Dia a dhéanamh de féin duit, faoi mar a gheall sé duit féin agus a mhionnaigh sé do d' aithreacha d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób.
Ná bíodh fear ná bean ná clann ná treibh in bhur measc a iompaíonn a chroí inniu ón Tiarna ár nDia chun imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe na gciníocha sin. Ná bíodh aon fhréamh in bhur measc a bhéarfadh toradh nimhneach searbh.
Tar éis dó briathra an chonartha mhionnaithe seo a chlos, má bheannaíonn a leithéid sin de dhuine é féin ina chroí á rá: 'Ní cás dom déanamh de réir dhánaíocht mo chroí agus beidh mé slán; cuireann tuile uisce an teitheadh ar an tart,'
ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh.
«An ghlúin le teacht, an chlann a éiríonn suas in bhur ndiaidh, agus an coimhthíoch a thagann ón imigéin, feicfidh siad plánna na tíre úd agus na galair a leagfaidh an Tiarna air,
agus liúfaidh siad: 'Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.'
Déarfaidh daoine ansin: 'Mar gur thréigeadar conradh an Tiarna, Dia a n-aithreacha, an conradh a rinne sé leo nuair a thug sé amach iad as tír na hÉigipte;
«Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d' fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.