«Táim céad agus a fiche bliain d' aois inniu,» ar sé; «ní féidir dom dul agus teacht mar ba mhaith liom a thuilleadh. Tá sé ráite ag an Tiarna liom: 'Ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.'
Rachaidh an Tiarna féin, do Dhia, anonn romhat; scriosfaidh sé na náisiúin seo romhat; díbreoidh tú as seilbh iad; rachaidh Iósua chomh maith anonn ar cheann do shlua mar a dúirt an Tiarna.
Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.»
Ansin ghlaoigh Maois ar Iósua agus dúirt leis i bhfianaise Iosrael go léir: «Bíodh neart ionat, agus misneach agat; tá tú ag dul isteach leis an bpobal seo sa tír a mhionnaigh an Tiarna dá n-aithreacha a thabharfadh sé dóibh; tabharfaidh tú ina seilbh dóibh é.
Cruinnigh an pobal, idir fhir agus mhná agus mhiondaoine agus dheoraí i do bhailte, d' fhonn go gcluinfidh siad agus go bhfoghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia, agus go gcoimeádfaidh siad agus go gcomhlíonfaidh siad focail uile an dlí seo.
A gclann nach eol dóibh fós é, cluinfidh siad é agus foghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia i gcaitheamh bhur ré sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin lena shealbhú.»
Dúirt an Tiarna le Maois: «Féach, tá an t-am ag druidim leat nuair a chaithfidh tú bás a fháil; glaoigh ar Iósua agus tagaigí i láthair i mBoth na Teagmhála go dtuga mé a threoracha dó.» Tháinig Maois agus Iósua i láthair i mBoth na Teagmhála.
Dúirt an Tiarna le Maois: «Is gearr go gcodlóidh tú le d' aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.
Lasfaidh m' fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: 'Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?'
Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n-aithreacha, agus go n-íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.
Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n-aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n-aigne.»
Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: «Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.»
óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!
«Cruinnigí i mo thimpeall seanóirí bhur dtreibheanna, agus bhur scríobhaithe, d' fhonn go labhróinn na focail seo ina gcluasa agus go nglaofainn neamh agus talamh mar fhinnéithe ina n-aghaidh.
Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d' aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t-olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.»