Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn; go sile mo ghlór mar an drúcht mar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith, agus mar cheathanna ar lusra an bháin.
An mar sin a dhíolann sibh an comhar leis an Tiarna? Nach baoth éaganta an pobal sibh! Nach é d' athair é a chruthaigh thú, a dhealbhaigh thú agus a bhunaigh thú?
Cuimhnigh ar na laethanta a bhí, agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin. Cuir ceist ar d' athair agus tabharfaidh sé fios duit agus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.
Tugann sé arda na cruinne dó le marcaíocht tharstu, agus beathaíonn sé é le toradh na sléibhte; tugann sé mil ón gcarraig le deol dó, agus ola ón gcarraig scáil;
gruth ón mbólacht, bainne ón tréad, bia saibhir ón bhféarach, reithí do phór Bháiseán, agus gabhair, bia saibhir de dhias na cruithneachta, agus fuil na finiúna glan mar dheoch.
[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.
Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia; ghriogadar mé lena n-íola. Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal, Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.
Beidh sciobóil ghorta mar airm agam; galar agus eitinn mar nimh. Seolfaidh mé fiacla géara na n-ainmhithe allta agus nimh na n-athracha talmhaí ina n-aghaidh.
Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann, agus laistigh beidh an scéin i réim. Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean, an leanbh cíche ná an seanduine liath.
mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad, le heagla go dtabharfadh a n-eascairde breith bhréagach, le heagla go ndéarfaidís: «Tá an lá lenár neart! Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!»
Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.
(Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail, agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.) Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht, agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach, agus go dtéim i mbun cúis na córa, déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde, agus díolfaidh mé an comhar le lucht m' fhuatha.
Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada, agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraos fuil na gcrólíoch agus na gcimí, agus cloigne cheannairí an namhad.»
[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.
dúirt sé leo: «Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a d' aithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim.
Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.»
«Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael.
Faigh bás ar an gcnoc ar a rachaidh tú agus cruinnítear chun do mhuintire thú, faoi mar a fuair Árón do dheartháir bás ar Shliabh Hor agus a cruinníodh chun a mhuintire é.
Óir rinne sibh feall ar iontaoibh liom i measc chlann Iosrael an uair úd ag Miríbeat Cáidéis, i bhfásach Zin; mar níor thaispeáin sibh mo naofacht i measc chlann Iosrael.