Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d' éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá: Éist, a Thiarna, le glor Iúdá, agus beir ar ais chun a mhuintire é, go gcosnaí a lámha a chearta, agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde.
Dúirt sé faoi Léiví: Tabhair do Léiví do Úirím, agus do Thuimím don té dá dtug tú gean, tar éis duit é a phromhadh ag Masá, agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,
Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: «Ní fhaca mé iad.» Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.
Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d' altóir.
Dúirt sé faoi Bhiniáimin: An té is ionúin leis an Tiarna, tá cónaí air gan bhaol ina fharraid. Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go lá agus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte.
le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann, le gean an té a lonnaigh sa Tor. Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef, an té a coisriceadh i measc a bhráithre.
Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir. Adharca daimh allta a adharca agus leosan sánn sé na pobail go léir go himill an domhain. Is mar sin leis na mílte ar mhílte d' Eafráim, is mar sin le mílte Mhanaise.
Déanann siad íobairtí conáigh, ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí; óir blaiseann siad saibhreas na mara, agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh.
Thogh sé an chéad roinn dó féin, mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd. Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal; aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna, chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad.
Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d' fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.