«Seo iad dá bhrí sin an aithne, na dlíthe, agus na reachtanna d' aithin an Tiarna bhur nDia dom a mhúineadh daoibh i dtreo go gcomhlíonfadh sibh iad san fhearann dá dtéann sibh anonn chun a shealbhaithe.
Má bhíonn eagla an Tiarna do Dhia ort, ar an gcuma sin, gach lá de do shaol, agus má choimeádann tú na dlíthe agus na nósanna go léir a leagaim ort, beidh fad saoil agat, agat féin agus ag do mhac agus ag mac do mhic.
Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
«Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú isteach sa tír a mhionnaigh sé do d' aithreacha, d' Abrahám, d' Íosác agus do Iacób a thabharfadh sé daoibh, mar aon le cathracha móra maithe nach tú a thóg,
agus tithe lán de ollmhaitheasaí de gach sórt nach tú a sholáthraigh, agus toibreacha doimhne nach tú a thochail, fíonghoirt agus crainn ola nach tú a phlandaigh nuair a bheidh na nithe sin caite agat agus do sháith agat,
Déan an chóir agus an mhaith i láthair an Tiarna i dtreo go rithfidh leat agus go rachaidh tú isteach agus seilbh a ghabháil ar an talamh fónta a mhionnaigh an Tiarna a thabharfaidh sé do d' aithreacha,
«Nuair a chuirfidh do mhac ceist ort san am atá le teacht: 'Cad is ciall leis na haitheanta agus na dlíthe agus na reachtanna a d' aithin an Tiarna ár nDia daoibh?'
D' aithin an Tiarna dúinn na dlíthe seo go léir a chomhlíonadh agus eagla an Tiarna ár nDia a bheith orainn, ar mhaithe linn féin i gcónaí, sa chaoi go gcoimeádfadh sé beo sinn mar a rinne go dtí an lá inniu féin.