Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Uime sin mar atá cómhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá sólas ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire, |
| 2 |
| Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas. |
| 3 |
| Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. |
| 4 |
| Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile. |
| 5 |
| Uime sin bíodh a ninntinn chéudna ionnuibh, noch do bhí fós a Niósa Críosd: |
| 6 |
| Noch, ar mbeith dhó a bhfoirm Dé, nár mheas sé na shlad bheith dhó coimionnun ré Día: |
| 7 |
| Achd do chuir sé é féin a neamshúim, ar ndul dó a riochd shearbhfoghantuighe, ar na dhéunamh cosmhail ré dáoinibh: |
| 8 |
| Agus ar na fhagháil a bhfioghair mar dhuine, do ísligh sé é féin, ar mbeith dhó ar ná dhéunamh úmhal gus an mbás eádhon bás na croiche. |
| 9 |
| Ar a nadhbharsin do árduigh Día é go ro árd mar an gcéudna, agus tug sé ainm dhó ó cionn gach uile anma: |
| 10 |
| Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Iósa, eadhon glúine na neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh; |
| 11 |
| Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Iósa Críosd an Tighearna, chum glóire Dé Athar. |
| 12 |
| Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh. |
| 13 |
| Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola. |
| 14 |
| Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: |
| 15 |
| Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal; |
| 16 |
| Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin. |
| 17 |
| Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile. |
| 18 |
| Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa. |
| 19 |
| Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna Iósa ré Timoteus do chur chuguibh go haithghearr, ionnus go mbéinn deighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa créud as cor dhíbhse. |
| 20 |
| Oír ní bhfuil a chamhuil agum ar fheabhus a inntinne, noch ar a mbíadh cúram na neitheann bheanas ribhse go dúthrachdach. |
| 21 |
| Oír síad na neithe bheanas ríu féin íarruid na huile, agus ní híad na neithe bheanas ré Híosa Críosd. |
| 22 |
| Achd atá fios a dhearbhthachdsan aguibhse, eadhon go ndearna sé miniosdrálachd um fhochairse sa tsoisgéul, amhuil do dhéunadh mac a bhfochair a athar. |
| 23 |
| Uime sin atá súil agum ris a bhfearsa do chur chuguibh, cómhlúath agus bhías a fhios agus créud bhus cor dhamh féin. |
| 24 |
| Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna go dtiucfuidh mé féin mar an gcéudna chuguibh go haithghearr. |
| 25 |
| Gidheadh do mheas mé gur riachdanach mo dhearbhráthair Epaphroditus, do chur chuguibh, mo chomhoibrighe, agus mo choimhfhior coguidh, agus bhur dteachdairese, agus an tí do fhóir oram a nám mo riachdanuis. |
| 26 |
| Oír do bhí fonn a chróidhe ionnuibhse uile, agus do líonadh é do thuirse, tré na chlos dáoibhse go raibh sé lag. |
| 27 |
| Agus go deimhin do bhí sé lag a bhfogus don bhás: gidheadh do rinne Día trócaire air; agus ní hair amháin, achd oramsa mar an gcéudna, ionnus nach bíadh doilgheas ar muin doilghis oram. |
| 28 |
| Uime sin bá moide mo dhúthrachd fá na chur chuguibh, ionnus ar na fhaicsin a rís daóibh, go ngéubha gáirdeachas sibh, agus go madh lúghaide mo dhoilgheassa é. |
| 29 |
| Ar a nadhbharsin gabhuidh chúguibh é sa Dtíghearna maille ris a nuile gháirdeachás; agus bíodh cion mór aguibh ar shamhuilsion: |
| 30 |
| Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/philippians/002.mp3
4
2