Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Dá bhrí sin más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá cion nó trua ar bith ionaibh, |
| 2 |
| cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne. |
| 3 |
| Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh dá mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. |
| 4 |
| Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith. |
| 5 |
| Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost: |
| 6 |
| An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis a bheith ar chomhchéim le Dia, |
| 7 |
| Ach lom sé é féin. Agus chuir air riocht an sclábhaí agus tháinig chun a bheith ina dhuine mar chách eile. |
| 8 |
| Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, dʼísligh sé é féin agus bhí umhal go bás– go bás na Croise féin. |
| 9 |
| Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm, |
| 10 |
| i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in Ifreann |
| 11 |
| agus go ndearbhódh gach teanga, in ómós do Dhia an tAthair, gurb é Íosa Críost an Tiarna. |
| 12 |
| Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla, |
| 13 |
| mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin. |
| 14 |
| Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeidh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon |
| 15 |
| agus go mbeidh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne |
| 16 |
| mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agam-sa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar. |
| 17 |
| Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comh-ghairdeas libh uile. |
| 18 |
| Bíodh an t-áthas céanna oraibhse agus déanaigí comh-ghairdeas liom-sa. |
| 19 |
| Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfidh bhur dtuairisc éirí croí orm. |
| 20 |
| Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibh-se. |
| 21 |
| Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad. |
| 22 |
| Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair. |
| 23 |
| Más ea, táim ag brath ar é a chur chugaibh an túisce a bheidh a fhios agam conas a bheidh an scéal agam féin. |
| 24 |
| Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith. |
| 25 |
| Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibh-se féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom. |
| 26 |
| Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite. |
| 27 |
| Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air–agus ní air sin amháin é ach orm-sa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé. |
| 28 |
| Is móide dá chionn sin an fonn atá orm é a chur ar ais chugaibh mar go mbeidh áthas oraibhse é a fheiceáil agus go laghdóidh sin mo bhuairtse. |
| 29 |
| Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach dom-sa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/philippians/002.mp3
4
2