Agus mar fhocal scoir, a bhráithre liom, bíodh áthas oraibh sa Tiarna. Níl leisce ar bith orm a bhfuil scríofa cheana agam a scríobh arís chugaibh mar is é bhur leas é.
Is againne atá an fíor-thimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraimid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,
siúd is go bhféadfainnse a bheith teann as an gcolainn chomh maith le cách. Go deimhin cibé duine eile atá teann as an gcolainn, is mó ná sin an bun atá agam-sa le bheith amhlaidh:
de shliocht Iosrael mé, de threibh Bhiniáimin, Eabhrach den fhíorfhuil Eabhrach, agus timpeall-ghearradh mé ar an ochtú lá. I dtaca leis an dlí bhí mé i mʼFhairisíneach;
Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t-iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú
agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí mʼfhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comh-líonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.
Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.
Is ea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl dá dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham
An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibh-se faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin.
Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin–as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.