Agus déanaigí guí orainne chomh maith, dá iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós í an rúndiamhair sin faoi deara dom a bheith i ngéibheann,
Cuireann mo chomh-chime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.
Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun Ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.
Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, dá iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comh-líonadh thoil Dé go hiomlán.
Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n-aire go léifear in eaglais Láódacáia í chomh maith agus go léifidh sibh-se an litir a chuirfear chugaibh ó Láódacáia.