×

Tiomna Nua 2012

1 Teasalónaigh 1

1
Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú dʼeaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin.
2
Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n-urnaithe.
3
Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.
4
A bhráithre, a bhfuil gnaoi Dé oraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh;
5
mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibh-se mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.
6
Agus rinne sibh-se aithris orainn agus ar an Tiarna, mar dʼainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh,
7
sa tslí go raibh sibh mar shampla ag a bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus san Acháia.
8
Mar is uaibh-se amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus san Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi.
9
Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíor-Dhia beo
10
agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis –an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.
Irish Bible 2012
An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission
:
Sábháil Nótaí