Bíobla Naomhtha 1817
|
| 1 |
| Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithe, tré theachd ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar gcomhchruinnighne chuigesion, |
| 2 |
| Gan bheith dhíbh go hobann sobhogtha ó ninntinn atá aguibh, ná bheith buáidheartha, ó sbioruid, ná ó bhréithir, ná ó litir, mar do thiucfadh sí uainne, amhuil do bhíadh lá Chríosd do láthair. |
| 3 |
| Ná mealladh éunduine síbh ar ghléus ar bith: óir ni thuicfa an lá sin muna dtiucfaidh tréigean ar tús, agus go bhfoillseochar an duine peacthach, mac an damnuighe; |
| 4 |
| An námhuid do áirduigheas é féin ós cionn gach neithe dá ngoirthear Día, nó do nithear onóruigheadh; ionnas go súighfe sé mar Dhía a dteampoll Dé, dhá chur a gcéill gur Día é féin. |
| 5 |
| A né nach cumhuin libh, ar mbeith dhamh fós bhur bhfochair, go ndubhairt mé na neíthese ribh? |
| 6 |
| Agus a nois atá a fhios aguibh créud is toirmeasg ann chum a fhoillsighthe ann a ám féin. |
| 7 |
| Oír atá rúindíamhair na neimhdhíaghachda ag oibriughadh cheana: amháin an tí thoirmisgeas a nois cuirfidh sé toirmeasg, nó go dtógaibhthear as lár é. |
| 8 |
| Agus foillséochthar an tan sin an duine Neamhdhíaghadhsin, noch chlaóifeas an Tíghearna ré Sbiorad a bhéil, agus sgriosfus sé ré déallradh a theachd: |
| 9 |
| Eadhon an tí, aga bhfuil a theachd ó oibriughadh Shatáin maille ris a nuile chúmhachd agus ré cómharrthuibh agus ré hiongantuibh bréige, |
| 10 |
| Agus maille ris a nuile mhealltóireachd eugcóruidh a measg na druinge theid a múgha; do bhrígh ná ghabhadar grádh na fírinne chuca, chum a slánaighthe. |
| 11 |
| Agus air a nadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríoghmhar séachráin, ionnus go cereidfidís an bhréug: |
| 12 |
| Ionnus go ndaimeontaói an méid uilé nar chreid a nfírinne, achd agá raibh a ndúil a néugcóir. |
| 13 |
| Gidheadh atá dfiachuibh oruinne buidheachas do bhreith do shíor ré Dí ar bhur sonsa, atá grádhuighthe ón Dtíghearna, ar a nadhbhar gur thogh Día sibh ó thosuigh chum slánaighthe tré náomthachd na Spioruidhe agus tré chreideamh na fírinne: |
| 14 |
| Chum ar ghoir sé síbh tré ar soisgélne, chum gnoghuighe ghlóire ar Dtíghearna Iósa Críosd. |
| 15 |
| Uime sin, a dhearbhráithre, seasuidh go daingean, agus congmhuídh na toirbhearta fúarabhair, noch do múineadh dhíbh, tré bhreithir, nó tré ar neipisdilne. |
| 16 |
| Agus gó dtuguidh an Tíghearna féin Iósa Críosd, agus Día, eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus tug dhúinn comhfhurtachd síorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás, |
| 17 |
| Furtachd do bhur gcroidhthibh, agus go ndaingnidhe sé sibh sa nuile bhréithir agus dheaghobair. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1817/2thessalonians/002.mp3
3
2