Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina araicis, impímid oraibh, a bhráithre, |
| 2 |
| gan a bheith suaite go héasca in bhur n-aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos dom-sa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin. |
| 3 |
| Ná mealladh aon duine sibh ar aon slí, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir dʼfhear an oilc é féin a nochtadh–is é sin mac an léir-scrios ta, |
| 4 |
| an t-áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm a bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin. |
| 5 |
| Nach cuimhin libh mé dá rá sin libh agus mé fós in bhur measc? |
| 6 |
| Agus tá a fhios agaibh anois cad atá dá choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann. |
| 7 |
| Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá dá cosc. |
| 8 |
| Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta. |
| 9 |
| Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh an mac mallachta faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige, |
| 10 |
| agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n-aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidh siad leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar lámh shábhálta iad. |
| 11 |
| Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t-éitheach. |
| 12 |
| Dá réir sin, gach duine acu nár ghéill don fhírinne ach gurb é an t-olc is áil leis, daorfar é. |
| 13 |
| Tá sé dʼfhiacha orainne a bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint sa bhfírinne. |
| 14 |
| Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost. |
| 15 |
| Seasaigí an fód go daingean dá bhrí sin, a bhráithre, agus coinnígí an teagasc a dʼfhoghlaim sibh uainne le briathar béil nó trí bhíthin litreach. |
| 16 |
| Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia, ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean, |
| 17 |
| go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/2thessalonians/002.mp3
3
2