Amhuil do chuir mé dimpidhe ort, cómhnuighe a Néphesus, ar ndul go Macedonia dhamh, ionnus go dtiúbhartha fógrá uáit do dhruing áirighe gan atharrach teaguisg do thabhairt úatha,
Ná aire do thabhairt do chumadóireachd sgéul ná do sheanchusuibh neimhchríochnuighthe, noch bhrosduigheas ceasdanna, ní sa mhó na follamnughadh díagha tre chreideamh:
Ar mbeith a fhios so aige, nach do dhuine cheart órduighthear an dligheadh, achd don druing ainglightheach easúmhal, do dháonibh neamhdhíagha agus do pheacthachuibh, do dháoínibh neamhnáomhtha agus neamhghlana, do luchd fionghuile do dhéunamh ar a naithreachuibh, agus a maithreachuibh, do luchd dúnmharbhtha,
Do sdríopthachuibh, so dháoinibh míonádúrtha, do ghaduighibh dáoineadh, do dháoinidh bréugacha, do luchd anéithigh, agus má tá ní ar bith eile contrárdha do theagusg fhalláin;
Ar a nadhbharsin beirim buidheachas ris an tí do neartuigh mé, Iósa Críosd ar Dtíghearna, do bhrígh gur mheas sé mo bheith díleas, dom chur sa miniosdralachd;
Ar mbeith dhamh roimhe um fhear labhartha blaisphéimeadh, agus um gherleanadóir agus um dhuine eugcórach: achd do rinneadh trócaire oram, ar a nadhbhar gur tré ainbhfios do rinne mé so ar dhíth creidimh.
As fírinneach an rádh, agus as fíu é ar gach éunchor gabháíl ris, go dtáinic Iósa Criosd ar an tsáoghal chum peacthach do shlánughadh; agá bhfuilimse um cheann orrtha.
Gidheadh as uime so do rinneadh trócaire oram, ionnus go dtaisbéunfadh Iósa Críosd ionnamsa ar tús a nuile fhoíghidh, chum go mbéínn um eisiompláir don druing chreidfeas annsan chum na beatha marrthannuigh.
Agar ab díobh Himenéus agus Alecsandar; noch tug misi uáim do Shatán, ionnus ar mbeith dhóibh smachduithe go bhfoghlamaidís gan blaisphéime do labhairt.