Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár Slánaitheoir agus ó Chríost Íosa, ár ndóchas. |
| 2 |
| Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair, agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh. |
| 3 |
| Faoi mar a dʼiarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan a bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu, |
| 4 |
| agus gan a bheith tugtha dʼfhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh. |
| 5 |
| Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain. |
| 6 |
| Tá daoine ann a chlaon ó na nithe sin agus a dʼiompaigh ar an mbaothchaint; |
| 7 |
| is áil leo a bheith ina saineolaithe ar an dlí ach iad gan aon tuiscint acu ar a mbíonn siad a rá ná ar na tuairimí a mbíonn siad chomh teann ina dtaobh. |
| 8 |
| Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as |
| 9 |
| agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, mʼéagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí, |
| 10 |
| do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh–dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin |
| 11 |
| atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa. |
| 12 |
| Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh a oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó, |
| 13 |
| cé go mbínn dá mhaslú agus dá ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus dí-chreidimh a rinne mé amhlaidh. |
| 14 |
| Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa. |
| 15 |
| Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu, |
| 16 |
| agus is é fáth a ndearnadh trócaire orm-sa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i mʼeiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí. |
| 17 |
| Moladh agus glóir do Rí na n-aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Áiméan. |
| 18 |
| Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfidh tú an cath go cróga dá réir sin. |
| 19 |
| Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath. |
| 20 |
| Orthusan tá Himinéas agus Alastar, beirt atá tugtha suas do Shátan agam le súil go múinfear gan Dia a aithisiú dóibh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/1timothy/001.mp3
6
1