Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan a bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;
Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh a bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan a bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu
Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ard-chéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa.
i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo–an Eaglais atá ina crann taca agus ina bunsraith don fhírinne.
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.