Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanas na beatha atá againn i gCríost Íosa. |
| 2 |
| Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid. |
| 3 |
| Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i mʼurnaithe, rud a dhéanaim de lá agus dʼoíche. |
| 4 |
| Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfar mo chroí le háthas. |
| 5 |
| Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Lóis romhat agus ag do mháthair Eoinícé, táim cinnte go bhfuil sé agat-sa chomh maith. |
| 6 |
| Sin é an fáth a bhfuilim dá chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort. |
| 7 |
| An spiorad a thug Dia dúinn ní hé spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta. |
| 8 |
| Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaing-se cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia. |
| 9 |
| Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomh-ghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire |
| 10 |
| ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamh-bhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil. |
| 11 |
| Agus táim-se ceaptha i mʼfhógróir agus i mʼaspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin. |
| 12 |
| Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a dʼfhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd. |
| 13 |
| An teagasc folláin a chuala tú uaim-se, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa. |
| 14 |
| An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosain í le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonn ionainn. |
| 15 |
| Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmagainéas san áireamh. |
| 16 |
| Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesafóras, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé a bheith i bpríosún, |
| 17 |
| is amhlaidh nuair a bhí sé sa Róimh, a chuaigh sé ar mo lorg go dícheallach nó gur aimsigh sé mé. |
| 18 |
| Is ea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd–agus is fearr a fhios agat-sa ná agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/2timothy/001.mp3
4
1