Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor. |
| 2 |
| Dá mb' fhéidir leis, nach n-éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá mba gur glanadh an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t-aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu. |
| 3 |
| Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí. |
| 4 |
| Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal. |
| 5 |
| Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo: «Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas; ach d' ullmhaigh tú corp dom. |
| 6 |
| Ní raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná sna ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí. |
| 7 |
| Dúirt mé ansin: 'Féach, táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh,' faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.» |
| 8 |
| Sa chéad áit dúirt sé: «Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,» bíodh go n-ofráltar iad de réir an dlí. |
| 9 |
| Ansin dúirt sé: «Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.» Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d' fhonn an dara ceann a bhunú. |
| 10 |
| Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an t-aon uair amháin ar fad. |
| 11 |
| Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal. |
| 12 |
| Níor ofráil Críost ach an t-aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé |
| 13 |
| mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa. |
| 14 |
| Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear. |
| 15 |
| Tugann an Spiorad Naomh fianaise dúinn air seo freisin. Óir tar éis dó a rá: |
| 16 |
| «Seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina gcroí agus scríobhfaidh mé ar a n-aigne iad,» |
| 17 |
| deir sé: «Ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí ná ar a gcionta feasta.» |
| 18 |
| Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó. |
| 19 |
| Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son. |
| 20 |
| Is amhlaidh a d' oscail sé bealach nua chun na beatha dúinn tríd an gcuirtín, is é sin le rá, trína chuid feola féin. |
| 21 |
| Tá ardsagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois. |
| 22 |
| Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce. |
| 23 |
| Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh. |
| 24 |
| Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh. |
| 25 |
| Ná fanaimis as láthair ónár gcomhthionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn. |
| 26 |
| Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn. |
| 27 |
| Níl le déanamh ach fanacht go critheaglach le breithiúnas Dé agus leis an gcraos tine a ídeoidh a naimhde. |
| 28 |
| Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir. |
| 29 |
| Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta? |
| 30 |
| Tá a fhios againn cé hé a dúirt: «Mise a imreoidh díoltas; mise a chúiteoidh,» agus fós: «Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar a phobal.» |
| 31 |
| Is uafásach an rud é titim i lámha Dé bheo. |
| 32 |
| Cuimhnígí ar an am fadó nuair a fuair sibh solas an chreidimh ar dtús. Is minic a bhí saol crua anróiteach le fulaingt agaibh. |
| 33 |
| Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh drochíde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu. |
| 34 |
| Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh. |
| 35 |
| Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó. |
| 36 |
| Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh. |
| 37 |
| «I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill. |
| 38 |
| Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.» |
| 39 |
| Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábháilfear ár n-anam. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/hebrews/010.mp3
13
10