Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid. |
| 2 |
| Is mar gheall ar a gcreideamh a tugadh dea-theist ar ár sinsir. |
| 3 |
| Trí chreideamh a thuigimid gur cruthaíodh an chruinne trí bhriathar Dé sa chaoi nach as nithe sofheicthe a rinneadh na nithe a fheicimid. |
| 4 |
| Trí chreideamh a dʼofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh. |
| 5 |
| Trí chreideamh a tógadh Eineoc suas sna flaithis sa chaoi nár bhlais sé den bhás. Ní raibh fáil air de bhrí gur thóg Dia suas é. Roimh a dheastógáil bhí sé de theist air go raibh sé taitneamhach le Dia. |
| 6 |
| Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn dá lorg. |
| 7 |
| Trí chreideamh a fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh. |
| 8 |
| Trí chreideamh a rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; dʼimigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. |
| 9 |
| Trí chreideamh a chuir sé faoi sa tír tairngre faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le hIacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna. |
| 10 |
| Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí. |
| 11 |
| Trí chreideamh freisin a fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil dʼainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh. |
| 12 |
| Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí Neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige. |
| 13 |
| Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus dʼadmhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo. |
| 14 |
| Taispeánann daoine a labhraíonn mar seo go bhfuil tír dhúchais dá lorg acu. |
| 15 |
| Dá mbeidís ag cuimhneamh fós ar an tír a dʼfhág siad bheadh deis acu ar fhilleadh ar ais uirthi. |
| 16 |
| Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh. |
| 17 |
| Trí chreideamh a dʼofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus |
| 18 |
| go ndúradh leis: “Is trí Íosác a bheidh sliocht ort.” |
| 19 |
| Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó mhairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é–eachtra a raibh brí shamhailteach léi. |
| 20 |
| Trí chreideamh freisin a thug Íosác beannacht dʼIacób agus dʼÉasáú a thiocfadh i gcríoch lá níos sia anonn. |
| 21 |
| Trí chreideamh a bheannaigh Iacób, agus é ag fáil bháis, gach ceann de mhic Iósaef, agus chrom anuas os cionn a bhata siúil ag moladh Dé. |
| 22 |
| Trí chreideamh a labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus a dʼordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin. |
| 23 |
| Trí chreideamh a choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí. |
| 24 |
| Trí chreideamh nár thoil le Maois, nuair a dʼfhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fharó air. |
| 25 |
| Óir bʼfhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige. |
| 26 |
| Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht. |
| 27 |
| Trí chreideamh dʼfhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí. |
| 28 |
| Trí chreideamh a cheiliúir sé an Cháisc agus a dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéad-ghinte le clann Iosrael. |
| 29 |
| Trí chreideamh a chuaigh clann Iosrael trasna na Mara Rua faoi mar ba thalamh tirim í, ach nuair a thug na hÉigiptigh faoi bádh iad. |
| 30 |
| Trí chreideamh a thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith dá dtimpeallú ar feadh seacht lá. |
| 31 |
| Trí chreideamh nár maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí. |
| 32 |
| Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghidéón, ar Bharac, ar Shamsón, ar Iafta, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe. |
| 33 |
| Trí chreideamh a chuir siad ríochtaí faoi smacht, a shaothraigh siad an fhíréantacht, a fuair siad a raibh geallta dóibh, a dhún siad béil leon, |
| 34 |
| a mhúch siad tinte craosacha, a mʼéalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, a mʼéirigh siad ó laige go láidreacht, a bhí siad cróga sa chath agus a chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach. |
| 35 |
| Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad dá gcéasadh mar bhí súil acu go n-aiséireoidís chun beatha níos fearr. |
| 36 |
| Dʼfhulaing cuid eile fós maslaí agus sciúrsáil, cuibhrigh agus príosún. |
| 37 |
| Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad dá mbuaireamh agus dá gcrá de shíor. |
| 38 |
| Rómhaith a bhí siad le fanacht i gcuideachta daoine agus dʼimigh siad chun fáin agus chuir siad fúthu i bpluaiseanna agus i bpoill faoin talamh. |
| 39 |
| Ach cé gur tugadh dea-theist ar na daoine seo go léir mar gheall ar a gcreideamh, ní bhfuair siad na maitheasaí a gealladh dóibh. |
| 40 |
| Óir bhí socrú níos fearr ná sin déanta ag Dia ar mhaithe linne. Is amhlaidh nach raibh siad-san le slánú iomlán a fháil ach in éineacht linne. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/hebrews/011.mp3
13
11