cionnas éalóchaimíd‐ne má dhéanaimíd faillighe i slánughadh chómh mór sin? do fógruigheadh ar dtús tríd an Tighearna, agus do dearbhuigheadh dhúinn tré na daoinibh do chuala é;
Dia ag deimhniú a bhfiadhnaise le cómharthaibh, agus le h‐iongantaisibh, agus le míorbhailtibh éagsamhla, agus le tíodhlaicthibh an Spioraid Naoimh, do réir a thola féin?
Do chuiris gach uile nidh fá n‐a chosaibh. Óir, ag cur an uile nidh fá n‐a cheannas dó, níor fhág sé einnidh gan bheith curtha faoi. Acht ní fheicimíd anois gach nidh fá n‐a cheannas aige fós.
Acht chímíd Íosa, do rinneadh níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feadh tamaill bhig, chímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’fhulang, chum, tré ghrása Dé, go mblaisfeadh sé bás ar son gach uile dhuine.
Óir ba chuibhe do’n té, gur dó atá an uile nidh, agus gur tríd atá an uile nidh, ag tabhairt móráin clainne chum glóire dhó, príomh‐ughdar a slánuighthe d’fhoirbhiú tré n‐ar fhulaing sé.
D’á bhrigh sin, ó tá an chlann rannpháirteach i bhfeoil agus i bhfuil, do ghlac sé féin, leis, páirt ionnta; chum go mbrisfeadh sé, de bhárr an bháis, chumhacht an té go raibh cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal;
Ar an adhbhar sin ba chóir go ndéanfaidhe é cosmhail ar gach slighe le n‐a bhráithribh, chum go mbéadh sé ’n‐a árd‐shagart trócaireach, ionnraic ins na neithibh bhaineas le Dia, chum cúiteamh do dhéanamh as peacaidhibh an phobail.