Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha, ar chreideamh i nDia,
ar theagasc i dtaobh gnásanna níocháin, ar leagan lámh, ar an aiséirí ó mhairbh, ar an mbreithiúnas síoraí ach abraimis focal i dtaobh an teagaisc fhoirfe.
a thit ar lár dá ainneoin sin uile, ní féidir a leithéidí siúd a thabhairt chun aithrí arís de bhrí go bhfuil siad ag céasadh Mhac Dé dá ndeoin féin uair amháin eile agus ag déanamh ceap magaidh de.
Cuireann Dia rath ar an talamh a shúnn isteach an fhearthainn a thiteann air ó am go chéile agus a thugann barr uaidh a rachaidh i dtairbhe do na daoine a saothraítear ar a son é.
Ach bíodh go labhraímid mar seo, a bhráithre ionúine, táimid cinnte de gur fearr ná sin an bhail atá oraibhse agus go bhfuil sibh ar bhealach bhur slánaithe.
Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo dá dhéanamh agaibh fós.
Is mian linn, áfach, go dtaispeánfaidh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcríoch.
Níor mhaith linn go n-éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n-oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh.
Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air.
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.