Mar má thagann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléasta isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air,
agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t-éadach maith air agus a rá leis: «Bíodh an suíochán maith anseo agat,» agus a rá leis an bhfear bocht: «Seas ansiúd thall,» nó: «Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,»
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n-oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?
Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?
Mar an té a dúirt: «Ná déan adhaltranas,» dúirt sé freisin: «Ná déan marú.» Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coireach in aghaidh an dlí déanta díot.
agus go ndeir duine agaibhse leo: «Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,» agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é?
Ach déarfaidh duine éigin: «Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.» Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.
Ba é an dála céanna é ag Rácháb an mheirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?