Mar má thagann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléasta isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air,
agus má thugann sibh-se ómós don té a bhfuil an t-éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,”
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n-oidhrí ar an Ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?
Sibh-se ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iad-san a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?
Mar an té a dúirt: “Ná déan adhaltranas,” dúirt sé freisin: “Ná déan marú.” Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coir in aghaidh an dlí déanta díot.
agus go ndeir duine agaibh-se leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é?
Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agat-sa agus tá dea-oibreacha agam-sa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duit-se trí mo dhea-oibreacha.
Ba é an dála céanna é ag Rácháb meirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?