×

Bíobla Naofa 1981

Iósua 12

1
Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir:
2
Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón agus com an ghleanna san áireamh thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach;
3
agus soir thar an Arabá go Muir Chinearót ar thaobh, agus go Muir an Arabá, Muir an tSalainn, i dtreo Bhéit Isimiot chomh fada le spoir shliabh Phisceá ar an taobh theas;
4
Óg rí Bháiseán, duine d' iarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí;
5
bhí sé i gceannas ar Shliabh Hearmón agus ar Shalacá agus ar Bháiseán go léir go teorainn na nGeasúrach agus na Mácátach, agus ar leath Ghileád go teorainn Shíochon rí Heisbeón.
6
Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.
7
Seo iad ríthe na dúiche a chloígh Iósua agus clann Iosrael laistiar den Iordáin ó Bhál Gád i nGleann na Liobáine go Sliabh Hálác, in airde i dtreo Shaeír; agus bhronn Iósua a bhfearainn ar threibheanna Iosrael mar chuid roinne:
8
sna hardáin agus na hísleáin; san Arabá agus ar na sleasa; san fhásach agus sa Neigib, i gcríocha na Hiteach, na nAmórach, na gCanánach, na bPirizeach, agus na Iabúsach:
9
rí Ireachó, duine; rí Háí le hais Bhéitéil, duine;
10
rí Iarúsailéim, duine; rí Heabrón, duine;
11
rí Iarmút, duine; rí Láicís, duine;
12
rí Eaglón, duine; rí Gheizir, duine;
13
rí Dheibír, duine; rí Gheidir, duine;
14
rí Hormá, duine; rí Arád, duine;
15
rí Libneá, duine; rí Adulám, duine;
16
rí Mhacaedá, duine; rí Bhéitéil, duine;
17
rí Thapúach, duine; rí Héifir, duine;
18
rí Afaec, duine; rí Laiseárón, duine;
19
rí Mhádón, duine; rí Házór, duine;
20
rí Shimearón, duine; rí Aicseáf, duine;
21
rí Thánac, duine; rí Mhigideo, duine;
22
rí Cheidis, duine; rí Iocnán i gCairmeil, duine;
23
rí Dhór ar shleasa sléibhte Dhór, duine; rí Ghóím sa Ghailíl, duine;
24
rí Thirzeá, duine. Líon iomlán na ríthe sin: triúr déag ar fhichid.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí