×

Bíobla Naofa 1981

Iósua 13

1
Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: «Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil.
2
Seo é an fearann atá fós le gabháil: Críocha uile na bhFilistíneach, agus dúiche uile na nGeasúrach;
3
Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím
4
laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach,
5
agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát.
6
An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d' ordaigh mé duit.
7
Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]»
8
Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu
9
an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón;
10
na cathracha go léir a bhí ag Síochon rí na nAmórach a rialaigh i Heisbeón chomh fada le teorainn na nAmónach,
11
agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá;
12
i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad.
13
Níor dhíbir na hIosraelaigh na Geasúraigh ná na Mácátaigh; tá Geasúr agus Mácát ina gcuid d' Iosrael go dtí an lá inniu féin.
14
Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n-oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.
15
Thug Maois oidhreacht do threibh chlann Reúbaen de réir a bhfiní.
16
Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,
17
le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón,
18
Iahaz, Caedaemót agus Maefat,
19
Ciriataím, Suibmeá agus Zeirit Seahar ar ardáin an ghleanna;
20
Béit Peór ar shleasa Phisceá, agus Béit Isimiot,
21
cathracha an ardchláir go léir, is é sin, agus ríocht uile Shíochon rí na nAmónach, a rialaigh i Heisbeón; chloígh Maois eisean, agus taoisigh Mhidián Eiví, Reicim, Zúr, Húr, agus Reaba, prionsaí le Síochon a bhí ag cur fúthu sa tír.
22
Maidir le Balám mac Bheór, an fear feasa, mharaigh clann Iosrael le faobhar claímh é fara an muintir eile ar a ndearnadar eirleach.
23
Shín fearann na Reúbaenach dá réir sin go dtí an Iordáin, a theorainn. Ba í sin oidhreacht na Reúbaenach de réir a bhfiní, leis na cathracha agus a mbailte máguaird.
24
Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní chomh maith do threibh Ghád.
25
Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá,
26
agus ó Heisbeón go Rámat Mizpe agus Batonaím, agus ó Mhachanaím go dúiche Lidibir,
27
agus sa ghleann: Béit Hárám, Béit Nimreá, Sucót, agus Záfaón, an chuid eile de ríocht Shíochon rí Heisbeón. Ba í an Iordáin an teorainn go híochtar Muir Chinearat ar an taobh thoir den Iordáin.
28
Sin í oidhreacht chlann Ghád de réir a bhfiní, leis na cathracha agus lena mbailte máguaird.
29
(Do leath-threibh Mhanaise.) Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní do leath-threibh Mhanaise.
30
Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair.
31
Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní.
32
Sin mar a roinn Maois na fearainn ar bhánta Mhóáb, lastall den Iordáin os coinne Ireachó.
33
Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n-oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí