shín laisteas de Bhealach Acraibím, ar aghaidh trí Zin agus suas laisteas de Cháidéis Bairnéa, thar Heizreón, ar aghaidh go hAdár, agus chas as sin go Carcá;
ghabh ar aghaidh thar Azmón, tháinig amach ag sileán na hÉigipte, agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige. Sin é a bheidh agaibh mar theorainn theas.
Chuaigh an teorainn suas go Deibír ó Ghleann Ácór agus ó thuaidh i dtreo an fháinne cloch os comhair Bhealach Adumaím atá ar an taobh theas den ghleann; ghabh an teorainn ar aghaidh go huiscí Éan Seimis, agus stad ag Éan Rogael.
Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.
Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).
Chuaigh an teorainn timpeall Bhálá siar go Sliabh Shaeír; ghabh sí thar shlios thuaidh Sliabh Iáraím (.i. Casálón); síos léi go Béit Seimis agus thar Timneá;
shín sí go gualainn an tsléibhe lastuaidh de Eacrón; chas an teorainn ansin i dtreo Shicearón, ghabh thar Sliabh Bhálá; ar aghaidh léi amach go Iabnael agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige.
Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna.i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).
D' fhreagair sise: «Tabhair bronntanas dom; ós rud é gur dhíbir tú mé go dtí an fásach, an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce.» Agus thug Cálaeb na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha di.
Aisdeod lena bhailte agus a shráidbhailte máguaird. Gazá lena bhailte agus a shráidbhailte máguaird chomh fada le sileán na hÉigipte; an Fharraige Mhór an teorainn.
Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.