Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t-ardchlár suas go fásach Bhéitéil, |
| 2 |
| chuaigh sí ó Bhéitéil go Lúz agus ar aghaidh i dtreo theorainn na nAircíoch ag Atárót. |
| 3 |
| Síos léi ansin agus siar go teorainn na nIaflaetach chomh fada le críocha Bhéit Horon íochtaraigh, ansin go Geizir agus go ceann scríbe ag an bhfarraige. |
| 4 |
| Sin í an oidhreacht a fuair muintir Iósaef, Manaise agus Eafráim. |
| 5 |
| Maidir le fearann chlann Eafráim de réir a bhfiní: ba é Atárót Adár go Béit Horon uachtarach teorainn a n-oidhreachta lastoir. |
| 6 |
| Shroich sí ceann scríbe ag an bhfarraige? Micmeatát lastuaidh; chas an teorainn soir go Tanát Sileo, agus ar aghaidh thairis lastoir go Iánóchá. |
| 7 |
| Ghabh sí síos ansin ó Iánóchá go hAtárót agus go Nárá, theagmhaigh le Ireachó agus shroich ceann scríbe ag an Iordáin. |
| 8 |
| Ghabh an teorainn siar ó Thapúach go sileán Cháná agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige. Ba é sin oidhreacht chlann Eafráim de réir a bhfiní, |
| 9 |
| chomh maith leis na bailte a coinníodh do chlann Eafráim laistigh d' oidhreacht chlann Mhanaise na bailte sin go léir lena sráidbhailte máguaird. |
| 10 |
| Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/joshua/016.mp3
24
16