Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Dúirt an Tiarna le Iósua: |
| 2 |
| «Labhair leis na hIosraelaigh agus abair leo: |
| 3 |
| ' Ainmnígí na cathracha tearmainn ar ar labhair mé libh trí Mhaois; cathracha inar féidir le marfóir a dhéanann marú gan bheartú nó trí thaisme dídean a fháil; beidh na cathracha seo mar thearmann agaibh ón díoltach fola. |
| 4 |
| Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc. |
| 5 |
| Má bhíonn an díoltach fola sa tóir air, ná tugaidís an marfóir ar láimh dó, mar gur mharaigh sé a chomharsa trí thaisme, gan aon fhaltanas a bheith aige leis roimhe sin. |
| 6 |
| Fanadh an marfóir sa chathair sin nó go seasa sé a thriail os comhair an chomhthionóil, go bhfaighe an t-ardsagart in oifig bás; tá cead ansin ag an marfóir filleadh ar a chathair féin agus ar a bhaile féin, ar an gcathair as ar theith sé.'» |
| 7 |
| Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá. |
| 8 |
| Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise. |
| 9 |
| Sin iad na cathracha a cuireadh i leataobh do mhuintir Iosrael go léir, agus don deoraí ina chónaí ina measc, mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fhail, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go ciniúnach; agus a anam a bhreith leis ón díoltach fola go seasfadh sé a thriail os comhair an chomhthionóil. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/joshua/020.mp3
24
20