Ann sin tangadar cinn aithreadh na Lebhíteach a lathair go Heléasar an sagart, agus go Iosua mhac Nun, agus go ceannuibh aithreadh threibhe chloinne Israel;
Agus do labhradar ríu a Síloh a ttír Chánaain, gha rádh, Do aithin an TIGHEARNA le láimh Mhaóise caithreacha do thabhairt dúinne do chomhnuighe ionta, maille re na mionbhailtibh sin dár náirnéis.
Agus taínic an chrannchar amach ar mhuinntearuibh na Gcohatíteach: agus fúaradar clann Aaron an sagart, noch do bhí do na Lebhítibh, le crannchar ó threibh Iúdah, agus ó threibh Símeon, agus o threibh Beniamin, trí caithreacha doag.
Agus fúaradar an chuid oile do chloinn Chohat le crannchar ó mhuintearuibh threibhe chloinne Ephraim, agus ó threibh Dan, agus ó leiththreibh Mhanasseh, deich gcaithreacha.
Agus fúaradar clann Gherson le crannchar ó muinntearuibh threibhe Issachar, agus ó threibh Aser, agus ó threibh Naphtali, agus ó leiththreibh Mhanasseh ann Basan, trí caithreacha déug.
¶ Agus do chloinn Gerson, do mhuinntearuibh na Lebhíteach, on leiththreibh oile do Mhanasseh tugadar Gólan a Mbásan maille re na cuimínibh, mar chathair dídin ag an marbhthóir; agus Beesterah gun a cuimínibh; dhá chathruigh.
Agus ó threibh Naphtali, Cedes ansa Ghalilé gun a cuimínibh, do bheith na cathruigh dhídin don marbhthoír; agus Hammot‐dor gun a cuimínibh, agus Cartán gun a cuimínibh; trí chaithreacha.
Mar sin do bhádar caithreacha chloinne Mherári uile gun a muinntearuibh, noch do fágbhadh do mhuinntearuibh na Lebhíteach, re na gcrannchair dhá chathruigh dhéag.
¶ Agus thug an TIGHEARNA do Israel an dúithche uile noch do mhionnuigh sé do thabhairt dá naithribh; agus do shealbhuigheadar í, agus do aitreabhadar inte.
Agus thug an TIGHEARNA suáimhneas dóibh timchioll fa gcuáirt, do réir gach uile neithe dár mhionnuigh sé dá naithribh: agus níor sheas duine dá námhuid rompa: do sheachuid an TIGHEARNA a naimhde uile ann a láimh.