Ach sháraigh clann Iosrael an bang go héagórach. Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach de threibh Iúdá, leag sé lámh ar rud a tháinig faoin mbang, agus las fearg an Tiarna i gcoinne na nIosraelach.
Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: «Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.» Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.
D' fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: «Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.»
Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.
Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.
«Uch, a Thiarna Dia,» arsa Iósua, «cad a ba áil leat an mhuintir seo a thabhairt thar Iordáin ar aon chor d' fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh le scrios? Nárbh fhearr dúinn bheith sásta agus cur fuinn lastall den Iordáin!
Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n-aghaidh agus scriosfaidh siad ár n-ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d' ainm mhóir?»
Rinne Iosrael peaca; sháraíodar an conradh a d' ordaigh mé dóibh; thógadar nithe a bhí curtha faoin mbang; rinneadar iad a ghoid, a cheilt agus a chur ina mála.
Sin é an fáth nach féidir le clann Iosrael seasamh in aghaidh a naimhde; thugadar droim lena naimhde mar go bhfuil siad féin tagtha faoin mbang. Ní fhanfaidh mé faraibh a thuilleadh mura ndéanfaidh sibh a bhfuil faoin mbang a dhíbirt as bhur measc.
Éirigh agus naomhaigh an pobal agus abair leo: 'Naomhaígí sibh féin i gcomhair an lae amáraigh; mar deir an Tiarna Dia Iosrael: «Tá nithe atá faoin mbang in bhur measc féin; ní féidir daoibh choíche seasamh in aghaidh bhur naimhde nó go ndéanann sibh a bhfuil faoin mbang a scrios as bhur measc.»
Tagaigí i láthair dá bhrí sin ar maidin treibh ar threibh; agus an treibh ar a dtitfidh crann an Tiarna tagaidís i láthair fine ar fhine; agus an fine ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair teaghlach ar theaghlach; agus an teaghlach ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair duine ar dhuine.
An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.'»
Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t-airgead in íochtar.»
Ácán mac Zearach, an t-airgead agus an fhallaing agus an barra óir, a mhic agus a iníonacha, a dhaimh, a asail, a chaoirigh, a bhoth agus a raibh aige rug Iósua, agus clann Iosrael go léir ina theannta, iadsan go léir leis go Gleann an Mhí-Áidh (Ácór).
«Cad ina thaobh,» arsa Iósua, «gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!» Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu.
Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.