bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D' imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n-asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe;
ar a gcosa bhí seanchuaráin chaite le cliatha iontu, agus an t-éadach a bhí orthu bhí sé dreoite; an t-arán go léir a bhí acu bhí sé briosc agus snas air.
Dúirt ár seanóirí agus muintir ár dtíre go léir linn: 'Tógaigí lón libh don aistear, agus téigí ina n-airicis agus abraigí leo: «Seirbhísigh daoibh sinne: seo anois, déanaigí conradh linn.» '
Siúd é ár n-arán. Bhí sé te fós nuair a thógamar linn ónár dtithe é mar lón bóthair an lá a chuireamar chun siúil chun teacht in bhur láthair; ach anois féach go bhfuil sé briosc agus snas air.
Bhí na seithí fíona seo nua nuair a líonamar iad; féach tá siad pléasctha; tá ar gcuid éadaigh agus ár gcuaráin caite tar éis an aistir chomh fada sin atá curtha dínn againn.»
Níor ionsaigh clann Iosrael iad mar gur mhionnaigh ceannairí an phobail dar an Tiarna Dia Iosrael ach rinne an comhthionól go léir monabhar in aghaidh na gceannairí.
Agus lean na ceannairí orthu: «Déanaigí anacal orthu, agus bídís ina ngiollaí brosna agus uisce ag an gcomhthionól go léir.» Rinne an comhthionól rud ar na ceannairí.
Chuir Iósua fios ar [mhuintir Ghibeón] agus d' fhiafraigh sé díobh: «Cad ab áil libh dár mealladh á rá go raibh cónaí oraibh i bhfad ó bhaile uainn nuair is anseo inár measc atá cónaí oraibh?
Sé freagra a thugadar ar Iósua: «Rinneamar amhlaidh mar go rabhamarna, do searbhóntaí, lándeimhin de gur ordaigh an Tiarna, do Dhia, do Mhaois, a ghiolla, an tír seo go léir a thabhairt daoibh agus a bhfuil ina gcónaí ann a scrios romhaibh; agus de réir mar a bhí sibh ag druidim linn tháinig scanradh inár mbeatha orainn romhaibh.
Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis.