Tiomna Nua 1970
|
| 1 |
| Peadar, aspal Íosa Críost, Ag beannú do dheoraithe na díbeartha ar fud Phontas, Ghalátia, Chappadócia, na hÁise, agus Bhitinia, |
| 2 |
| a toghadh de réir réamheolas Dé an tAthair, agus a naomhaíodh leis an Spiorad le bheith umhal dʼÍosa Críost agus lena fhuil a bheith á doirteadh orthu: Méadú grásta agus síochána daoibh. |
| 3 |
| Go mba bheannaithe Dia, Athair ár dTiarna Íosa Críost! Is dá mhórthrócaire a athghineadh sinne chun dóchais bhithbheo trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, |
| 4 |
| chun oidhreachta síorbhuaine gan smál gan feo, atá á taisceadh ar neamh daoibhse, |
| 5 |
| atá ar choimirce chumhachtaí Dé tríd an gcreideamh le haghaidh slánaithe atá réidh ullamh lena nochtadh i ndeireadh aimsire. |
| 6 |
| Is cúis lúcháire agaibh é sin, siúd is go bhfuil oraibh cruatain éagsúla a fhulaingt ar feadh tréimhse bige, |
| 7 |
| ionas go bhféachfar firinneacht bhur gcreidimh, is luachmhaire go mór ná an t-ór so-chaite a fhéachtar sa tine, rud a bheas mar mhéadú glóire agus molta agus onóra sa lá a thaispeánfar Íosa Críost. |
| 8 |
| Bíonn grá agaibh dó cé nár amharc sibh air; agus creideann sibh ann, cé nach bhfeiceann sibh fós é, le hardáthas do-aithriste. |
| 9 |
| Gheobhaidh sibh slánú bhur n-anamacha mar thoradh ar bhur gcreideamh. |
| 10 |
| Na fáithe a dhéanadh tairngreacht i dtaobh an ghrásta a bhí i ndán daoibh, bhíodh an slánú sin á shiortú agus á scrúdú acu; |
| 11 |
| le fios a fháil cá huair a thiocfadh an té sin, a raibh an Spiorad sin Chríost a bhí iontu ag insint faoi, agus é ag tabhairt réamhfhianaise ar phianpháis Chríost agus ar an nglóir a thiocfadh ina dhiaidh. |
| 12 |
| Agus nochtadh dóibh nach dóibh féin ach daoibhse a dʼíhón siad, sna nithe sin a bhí á n-insint daoibh ag an dream a thug an soiscéal chugaibh tríd an Naomh-Spiorad a cuireadh síos ó neamh, na nithe sin ar mhian leis na haingil amharc a fháil orthu. |
| 13 |
| Bíodh mar sin bhur gciall á cóiriú agus á crioslú agaibh, bígí go stuama staidéartha, agus iomlán muiníne agaibh as an ngrásta atá le teacht chugaibh nuair a thaispeánfar Íosa Críost. |
| 14 |
| Ós clann sibh a bhfuil comhairle oraibh, ná leanaigí do na hainmhianta a bhíodh oraibh in am bhur n-ainbheasa, |
| 15 |
| ach bígí niamhghlan naofa in bhur n-iompar de réir naofacht an té a ghlaoigh oraibh; |
| 16 |
| ó scríobhadh, “Beidh sibhse naofa, ó tá mise naofa.” |
| 17 |
| Agus má bhíonn achainíocha athar agaibh ar an té a thugas breith chothrom ar gach duine de réir a ghníomhartha, iompraígí sibh féin go hurramach omósach ar feadh tréimhse bhur ndeor-aíochta. |
| 18 |
| Tá a fhios agaibh nach le nithe so-chaite, mar airgead agus ór, a fuasclaíodh sibh ó na bealaí baotha a tháinig anuas chugaibh ó bhur n-aithreacha, |
| 19 |
| ach is le fuil mhórluachmhar Chríost an t-uan gan smál gan ainimh. |
| 20 |
| Bhí sin i ndán dó roimh bhunadh an domhain, ach gur nochtadh é i ndeireadh aimsire mar mhaithe libhse. |
| 21 |
| Is trídsean a bhíonn muinín agaibh as Dia, a thóg ó mhairbh é agus a thug glóir dó, ionas go bhfuil creideamh i nDia agaibh agus dóchas agaibh as. |
| 22 |
| Naomhaígí bhur gcroíthe trí bheith umhal don fhírinne chun bráithriúlachta gan chealg, agus bíodh dianghrá ó chroí agaibh dá chéile. |
| 23 |
| Athghineadh sibh, ní ó shíol sothruaillithe ach ó shíol dothruaillithe, is é sin trí bhriathar buan bithbheo Dé; |
| 24 |
| mar “Is ionann feoil agus féar agus níl a maise uile ach mar bhláth an fhéir. Feonn an féar, agus titeann an bláth ar lár, |
| 25 |
| ach fanann briathar an Tiama buan go brách.” Is é an briathar úd an soiscéal a chuala sibh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1970/1peter/001.mp3
5
1