Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghaláit, sa Chapadóic, san Áise, agus sa mBitín, an mhuintir atá tofa |
| 2 |
| de réir oirchill Dé, an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú dʼÍosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil. |
| 3 |
| Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! Dʼathghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun beo-mhuiníne |
| 4 |
| agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis. |
| 5 |
| Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré. |
| 6 |
| Is údar lúcháire agaibh-se é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, |
| 7 |
| dʼfhonn go bhfaighfear fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór–rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é–ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost. |
| 8 |
| Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha, |
| 9 |
| agus slánú bhur n-anama dá ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh. |
| 10 |
| Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú. |
| 11 |
| Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí dá taispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í. |
| 12 |
| Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le srac-fhéachaint a fháil orthu. |
| 13 |
| Dá bhrí sin cuirigí bhur n-aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost. |
| 14 |
| Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana, |
| 15 |
| ach amhail is naofa eisean a ghlaoigh oraibh, bígí-se naofa in bhur n-iompar go léir, |
| 16 |
| mar tá scríofa: “Bígí naofa mar go bhfuilim-se naofa.” |
| 17 |
| Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. |
| 18 |
| Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, |
| 19 |
| ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. |
| 20 |
| Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa |
| 21 |
| a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibh-se i nDia. |
| 22 |
| Rinne sibh bhur n-anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan. |
| 23 |
| Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí. |
| 24 |
| “Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir; |
| 25 |
| Ach maireann briathar an Tiarna go deo.” Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/1peter/001.mp3
5
1