agus gach fuar‐chrábhadh, agus éad, agus gach bíodán, agus, mar dhéanfadh naoidheanáin nua‐bheirthe, cuiridh dúil san mbainne spioradálta úr‐ghlan, gan cealg, chum go bhfásfaidh sibh chum slánuighthe d’á bhárr;
Bidhidh‐se, mar an gcéadna, mar chlocha beo d’á gcur le chéile chum teach spioradálta do thógáil, chum bheith ’n‐bhur sagartacht naomhtha, chum íodhbartha spioradálta thaithneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.
Uime sin atá scríobhtha san scrioptúir, Féach, leagaim i Síon príomh‐chloch chúinne, thoghtha, luachmhar, Agus an té chreideas innti, ní cuirfear náire air.
D’á bhrigh sin, is luachmhar libh‐se é, ó chreideann sibh ann: acht i dtaobh an dreama nach gcreideann, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Is di‐se do rinneadh cloch chinn chúinne:
Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin:
sibh‐se nách raibh ’n‐bhur bpobal roimhe sin, acht atá ’n‐bhur bpobal Dé anois: sibh‐se nach bhfuair trócaire, acht go bhfuil trócaire fághalta agaibh anois.
Bíodh deagh‐iomchar macánta i measc na bPágánach agaibh; chum, gidh go labhrann siad ’n‐bhur n‐aghaidh amhail mar bhéadh sibh ’nbhur lucht mí‐ghnímh, go dtugaidh siad fá deara bhur ngníomhartha maithe, agus go dtugaidh siad glóir do Dhia i ló na cuarta.
A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh le gach eagla; ní h‐é amháin dóibh‐sean atá maith, cneasta, acht dóibh‐sean, leis, atá mí‐réasúnta.
Óir cia an t‐adhbhar maoidhmheachais é, nuair ghníos sibh peacadh, agus go bhfághann sibh droch‐íde d’á bhárr, é do ghlacadh go foighdeach? acht má ghlacann sibh go foighdeach é, nuair ghníos sibh mar ba cheart, is nidh sin thaithneas le Dia.
Nuair do cáineadh é, ní dhearna sé athcháineadh; nuair d’fhulaing sé, ní dhearna sé bagairt; acht do chuir sé é féin fá chumhdach an té do‐bheir breitheamhnas ceart:
an té d’iomchair ár bpeacaidhe ’n‐a chorp féin ar an gcrann, chum, ar mbeith dhúinn marbh do’n pheacadh, go mairfimís do’n fhíréantacht; agus do leigheasadh sibh le n‐a chneadhaibh.