agus tógtar sibh-se féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n-áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.
Ach is cine tofa sibh-se, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithligh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
Bíodh bhur n-iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an a fhiosraithe.
Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n-iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.
Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach dʼfhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.
Dʼiompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann dʼfhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.