Tiomna Nua 1951
|
| 1 |
| Is í seo anois, a cháirde, an dara h‐eipistil atá agam d’á scríobhadh chugaibh; agus san dá eipistil atáim ag brostú bhur slán‐aigne agus ag múscailt bhur gcuimhne, |
| 2 |
| chum go gcuimhneochaidh sibh ar na briathraibh do labhair na naomh‐fháidhe roimh ré, agus ar aithne an Tighearna agus an tSlánuightheora tré n‐bhur n‐abstalaibh: |
| 3 |
| agus a fhios agaibh ar dtús go dtiocfaidh lucht magaidh le sgige ins na laethibh deireannacha, ag leanamhain d’á n‐ainmhiantaibh féin, |
| 4 |
| g‐á rádh, Cá bhfuil geallamhain a theachta? óir ó’n tráth ’n‐a bhfuair ár sinnsir bás, fanann an uile nidh mar bhí ó chéad‐chruthú an domhan. |
| 5 |
| Óir is é is toil leo a dhearmad, go raibh na spéartha ann fad ó, agus go raibh domhan ann do rinneadh le briathar Dé d’uisce agus tré uisce: |
| 6 |
| agus d’á bhrigh sin, go dtáinig an t‐uisce ’n‐a dhílinn ar an domhan do bhí ann an uair sin, gur gur scriosadh é: acht na spéartha agus an talamh atá ann anois, |
| 7 |
| gur fá chómhair teineadh atá siad d’á gcoimheád ag an mbriathar céadna sin, d’á gcongbháil go dtí lá breitheamhnais agus scriosta na ndaoine neimh‐dhiadha. |
| 8 |
| Acht atá rud amháin ann, a cháirde, gur ceart daoibh cuimhneamh air, is é sin gur cuma leis an Tighearna lá amháin nó míle bliadhain, agus míle bliadhain nó lá amháin. |
| 9 |
| Ní dhéanann an Tighearna moill i dtaobh a gheallamhna, do réir tuairme daoine áirithe fá mhoill; acht atá sé foidhneach linn, de bhrigh nach mian leis go gcaillfidhe aoinneach, acht go dtiocfadh an uile dhuine chum aithrighe. |
| 10 |
| Acht tiocfaidh lá an Tighearna mar ghadaidhe; imtheochaidh na spéartha le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneach, agus dóighfear an talamh agus na h‐oibreacha atá ann. |
| 11 |
| Ó thárla go bhfuil sé i ndán do na neithibh seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba cheart daoibh‐se bheith mar dhaoine do réir deagh‐iomchair agus diadhachta, |
| 12 |
| ag fuireach daoibh, agus sibh go dúthrachtach fá chómhair lae Dé, ’n‐a scriosfar na spéartha le tóiteán teineadh, agus ’n‐a leaghfar na dúla le dian‐teas loiscneach? |
| 13 |
| Acht do réir a gheallamhna, atáimíd ag súil le neamh úr‐nua agus le talamh úr‐nua, ar a ndéanfaidh fíréantacht cómhnaidhe. |
| 14 |
| D’á bhrigh sin, a cháirde, ó tá súil leis na neithibh seo agaibh, déanaidh gach iarracht chum go bhfaighfidhe sibh i síothcháin, gan smál, gan locht ’n‐a fhiadhnaise. |
| 15 |
| Áirmhidh mar shlánú foidhne ár dTighearna: fá mar scríobh ár mbráthair ionmhain Pól chugaibh, leis, do réir na h‐eagna tugadh dhó; |
| 16 |
| mar scríobhann sé, leis, ’n‐a eipistilibh uile; ’n‐a bhfuil neithe gur deacair a dtuigsin, go gclaonann daoine gan foghlaim, gan seasmhacht a gciall, mar chlaonann siad ciall na scrioptúir eile, chómh maith, chum a n‐aimhleasa féin. |
| 17 |
| D’á bhrigh sin, a cháirde, ó’s eol daoibh an méid seo roimh ré, bidhidh ar bhur n‐aire, ar eagla go scuabfaidhe sibh le mearbhall na gcuirptheach, agus go dtuitfeadh sibh ó n‐bhur seasmhacht féin. |
| 18 |
| Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1951/2peter/003.mp3
3
3