go mbeidh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n-aspail.
agus dá rá: “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús an chruthaithe.”
Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad dá gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus dá gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n-éagráifeach.
Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfear aon dream ach go dtiocfaidh cách chun aithrí.
Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loiscfear an domhan agus a bhfuil dʼoibreacha ann.
Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaighidh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.
agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léir-scrios ta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.
Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.
Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dó-san anois agus go lá na síoraíochta. Áiméan.