Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha |
| 2 |
| foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne. |
| 3 |
| Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost. |
| 4 |
| Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir. |
| 5 |
| Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann. |
| 6 |
| Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchacht, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid. |
| 7 |
| Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn. |
| 8 |
| Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn. |
| 9 |
| Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc. |
| 10 |
| Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1john/001.mp3
5
1