Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann aon duine peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir. |
| 2 |
| Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaí-ne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile. |
| 3 |
| Agus is mar seo atá a fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil. |
| 4 |
| An té a deir go n-aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin. |
| 5 |
| Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann. |
| 6 |
| An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean. |
| 7 |
| A chairde cléibh, ní haon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus is í an tseanaithne sin an focal a chuala sibh. |
| 8 |
| Ach anois is mar nua-aithne a scríobhaim chugaibh arís é, agus is fíor sin ina leith-se an agus in bhur leith-se, óir tá an dorchadas ag glanadh agus an fíorsholas ag taitneamh cheana féin. |
| 9 |
| An té a deir go bhfuil sa solas agus gur fuath leis a bhráthair tá sé sin sa dorchadas i gcónaí. |
| 10 |
| An té a thugann grá dá bhráthair maireann sa solas mar nach mbaintear aon tuisle as. |
| 11 |
| Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchadas agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchadas a shúile. |
| 12 |
| Scríobhaim chugaibhse, a chlann liom, mar gur maitheadh daoibh bhur bpeacaí trína Ainm-sean. |
| 13 |
| Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta. |
| 14 |
| Scríobh mé chugaibhse, a leanaí, mar gur aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibhse, a dhaoine óga, mar gur tréan sibh, agus go maireann focal Dé ionaibh, agus gur threascair sibh an mac mallachta. |
| 15 |
| Ná bígí i ngean ar an saol ná ar éadáil an tsaoil. Más áil le duine an saol níl grá an Athar ann. |
| 16 |
| Mar a bhfuil sa saol–mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine–sin nithe nach den Athair iad ach den saol. |
| 17 |
| Agus imíonn an saol agus a mhianta ar ceal. An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo. |
| 18 |
| A chlann liom, is í an ré dheiridh í, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil–uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann. |
| 19 |
| Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, dʼfhanfaidís i gcónaí linn. Ach dʼfhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile. |
| 20 |
| Agus tá ungadh oraibhse ón Té atá Naofa agus tá an fíoreolas agaibh uile. |
| 21 |
| Níor scríobh mé chugaibh dá rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mbʼfheasach sibh í, agus go mbʼeol daoibh nach den fhírinne aon bhréag. |
| 22 |
| Cé atá bréagach murab é sin a shéanann gurb é Íosa an Críost? Seo é an tAinchríost, an té a shéanann an tAthair agus an Mac. |
| 23 |
| Gach duine a shéanann an Mac, níl an tAthair aige ach a oiread. An té a admhaíonn an Mac, tá an tAthair freisin aige. |
| 24 |
| Ach maidir libh-se, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibh-se freisin sa Mhac agus san Athair. |
| 25 |
| Agus seo é an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí. |
| 26 |
| Scríobh mé an méid seo chugaibh faoi lucht bhur meallta. |
| 27 |
| Ach maidir libh-se, maireann fós ionaibh an t-ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní haon bhréag–mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis. |
| 28 |
| Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é gur lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó. |
| 29 |
| Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/1john/002.mp3
5
2