|
| 1 |
| Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó. |
| 2 |
| A bhráthair na páirte, guím rathúnas ort in iomlán do ghnóthaí, agus sláinte, fearacht an rathúnais anama atá ort cheana féin. |
| 3 |
| Bhí an-áthas orm, ar theacht do chuid de na bráithre, gur thug siad teastas ar do fhírinne, mar atá, go siúlann tú san fhírinne. |
| 4 |
| Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann san fhírinne. |
| 5 |
| A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir. |
| 6 |
| Is inmholta a chruthóidh tú, á seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé. |
| 7 |
| Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh. |
| 8 |
| Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le go mba comhoibrithe sinn san fhírinne. |
| 9 |
| Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn. |
| 10 |
| Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad. |
| 11 |
| A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t-olc ní fhaca sé Dia. |
| 12 |
| Tá dea-theastas ar Dhéimitrias ag gach aon duine agus ag an bhfírinne féin. Tugaimidne teastas freisin air agus is feasach duit gur fíor ár dteastas. |
| 13 |
| Bhí mórán agam le scríobh chugat ach ní mian liom iad a chur síos le peann agus le dúch. |
| 14 |
| 15 Tá súil agam tú a fheiceáil gan mhoill agus labhróimid díreach le chéile. Síocháin ort. Beannaíonn na cairde duit. Beannaighse do gach duine de na cairde as a ainm. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/3john/001.mp3
1
1